Tugann na suíomhanna gréasáin thíosluaite, tuilleadh eolais maidir le topaicí gairmiúla agus/nó dea-chleachtas don seomra ranga. Níl an Clár Náisiúnta Ionduchtaithe do Mhúinteoirí freagrach as ábhair na suíomhanna seo.
An Roinn Oideachais
An Roinn Oideachais atá freagrach as cúrsaí oideachais i bPoblacht na hÉireann. Soláthraíonn an suíomh Gréasáin seo faisnéis d’fhoghlaimeoirí, do thuismitheoirí, don fhoireann oideachais, do scoileanna agus do choláistí.
An Chomhairle Mhúinteoireachta
Is comhlacht reachtúil í an Chomhairle Mhúinteoireachta atá freagrach as gairm na múinteoireachta a chur chun cinn agus a rialáil ar mhaithe le leas an phobail, agus ag an am céanna cáil agus stádas na gairme a chosaint agus a fheabhsú. Tá faisnéis ar an suíomh Gréasáin seo maidir le clárú múinteoirí, cóid iompraíochta gairmiúla do mhúinteoirí, grinnfhiosrúchán múinteoirí, oiriúnacht le múineadh, oideachas múinteoirí agus taighde oideachais.
An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta
Is comhlacht reachtúil í an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnaithe (NCCA) atá freagrach as cáilíocht an oideachais ag leibhéil na luath-óige, na bunscoile agus na hiar-bhunscoile a fheabhsú trí athchóiriú curaclaim agus measúnaithe. Tugann an suíomh Gréasáin seo rochtain ar churaclaim don luath-óige, don bhunscoil agus don iar-bhunscoil. Cuirtear faisnéis ar fáil freisin faoi fhorbairtí i gcúrsaí curaclaim agus measúnaithe.
An Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta
Is comhlacht reachtúil í an Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (NCSE) atá freagrach as seirbhísí oideachais a sholáthar do dhaoine a bhfuil riachtanais speisialta oideachais (RSO) acu, le béim ar leith ar leanaí. Tá faisnéis ar an suíomh Gréasáin seo faoi bheartas náisiúnta, leithdháileadh acmhainní, treoirlínte do scoileanna agus comhairle do thuismitheoirí.
Faoi shainordú na Roinne Oideachais
Tacaíocht um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí
Is í an Tacaíocht um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí (PDST) an tseirbhís tacaíochta trasearnála aonair is mó a thairgeann deiseanna foghlama gairmiúla do mhúinteoirí agus do cheannairí scoile i raon réimsí oideolaíochta, curaclaim agus oideachais. Soláthraíonn an suíomh Gréasáin seo acmhainní a thacaíonn le scoileanna agus le múinteoirí chun na curaclaim bhunscoile agus iar-bhunscoile a chur i bhfeidhm.
An tSeirbhís Tacaíochta d’Oideachas Speisialta
Is seirbhís tacaíochta trasearnála í an tSeirbhís Tacaíochta d’Oideachas Speisialta (STOS) a thairgeann deiseanna foghlama gairmiúla do mhúinteoirí maidir le soláthar oideachais speisialta. Soláthraíonn an suíomh Gréasáin seo acmhainní, faisnéis agus treoirlínte do mhúinteoirí agus aithníonn sé deiseanna forbartha gairmiúla leanúnacha i réimse an oideachais speisialta.
Lárionad Ceannaireachta Scoile
Bunaíodh an Lárionad Ceannaireachta Scoile (CSL) i Meán Fómhair 2014, ar bhonn comhpháirtíochta, idir Líonra Phríomhoidí Bunscoile na hÉireann (IPPN), Cumann Náisiúnta na bPríomhoidí agus na Leas-Phríomhoidí (NAPD) agus an Roinn Oideachais (RO). Eagraíocht tras-earnála is ea CSL agus is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi feidhmeanna agus cuspóirí ar an suíomh gréasáin seo.
Ionaid Tacaíochta Oideachais Éireann
Is iad Ionaid Tacaíochta Oideachais Éireann (ITOÉ) scáth-eagraíocht na 21 Ionad Oideachais lánaimseartha agus 9 nIonad Oideachais páirtaimseartha in Éirinn. Eagraíonn Ionaid Oideachais seachadadh áitiúil na gclár náisiúnta d’fhorbairt ghairmiúil múinteoirí thar ceann na Roinne Oideachais. Eagraíonn ionaid clár de ghníomhaíochtaí áitiúla éagsúla do mhúinteoirí, do bhainisteoirí scoile agus do thuismitheoirí mar fhreagairt ar éileamh. Soláthraíonn an suíomh Gréasáin seo faisnéis faoi líonra na nIonad Oideachais agus na cúrsaí um fhorbairt ghairmiúil atá ar fáil.
Seirbhís Náisiúnta Tacaíochta Iompraíochta
Soláthraíonn an tSeirbhís Náisiúnta Tacaíochta Iompraíochta (SNTI) tacaíocht agus saineolas do bhunscoileanna comhpháirtíochta ar shaincheisteanna a bhaineann le hiompar. Soláthraíonn an suíomh Gréasáin seo faisnéis faoin gcaoi a bhfuil an tsamhail tacaíochta iompraíochta trí leibhéal ag feidhmiú sna scoileanna. Cuirtear i láthair air go leor de na hidirghabhálacha, na tionscadail agus na tionscnaimh a chuireann scoileanna i bhfeidhm.
Scoilnet
Is é Scoilnet tairseach oideachais na Roinne Oideachais in Éirinn.Tá acmhainní agus tacaíocht ar fáil dírithe ar an gcuraclam do bhunscoileanna agus d’iar- bhunscoileanna. Ba iad speisialtóirí curaclaim agus múinteoirí a roghnaigh agus a d’athbhreithnigh na hacmhainní seo. Cuireann Scoilnet comhtháthú TFC leis an teagasc agus leis an bhfoghlaim chun cinn go gníomhach.
Reading Rockets
Is tionscadal ilmheán é Reading Rockets a thairgeann straitéisí léitheoireachta, ceachtanna agus gníomhaíochtaí taighde-bhunaithe chun cabhrú le leanaí óga foghlaim conas léamh. Soláthraíonn an suíomh Gréasáin acmhainní chun cabhrú le tuismitheoirí, múinteoirí agus oideachasóirí eile cuidiú le léitheoirí atá ag streachailt chun gur féidir leo scileanna líofachta, foclóra agus tuisceana a mhéadú.
BeLonGTo
Is eagraíocht náisiúnta é BeLonGTo do dhaoine óga Leispiacha, Aeracha, Déghnéasacha agus Trasinscneacha (LGBTI +) idir 14 agus 23 bliana d’aois. Soláthraíonn an suíomh Gréasáin seo faisnéis faoi sheirbhísí BeLonGTo agus tugann sé rochtain freisin ar raon leathan acmhainní maidir le saincheisteanna LGBTI + agus bulaíochta, ach go háirithe. Gheobhaidh tú faisnéis fhairsing ar an suíomh Gréasáin seo faoin gcaoi a bhfeidhmíonn ár múnla tacaíochta iompraíochta trí leibhéal i scoileanna agus beidh fáil agat ar thaighde, ar fhoilseacháin agus ar acmhainní.
Cumann Múinteoirí Éireann
Is aontas múinteoirí é Cumann Múinteoirí Éireann a dhéanann ionadaíocht ar mhúinteoirí bunscoile i bPoblacht na hÉireann agus i dTuaisceart Éireann. Tugann an láithreán seo rochtain ar fhaisnéis a bhaineann le dálaí oibre agus faisnéis oideachasúil eile.
Cumann na Meánmhúinteoirí
Is aontas múinteoirí é Cumann na Meánmhúinteoirí a dhéanann ionadaíocht ar mhúinteoirí iar-bhunscoile i bPoblacht na hÉireann. Tugann an láithreán seo rochtain ar fhaisnéis a bhaineann le dálaí oibre agus faisnéis oideachasúil eile.
Aontas Múinteoirí na hÉireann
Is ceardchumann é Aontas Múinteoirí na hÉireann (TUI) a dhéanann ionadaíocht ar mhúinteoirí agus léachtóirí atá ag gabháil d’oideachas iar-bhunscoile, ardoideachais agus breisoideachais i bPoblacht na hÉireann. Tugann an láithreán seo rochtain ar fhaisnéis a bhaineann le dálaí oibre agus faisnéis oideachasúil eile